Gaeilge · My Life

My blossoming relationship with Gaeilge

11393206_10153013971318237_5174447703818792118_n(Tá brón orm faoi na botúin!)

Stop mé ag labhairt Gaeilge nuair a d’fhág mé meanscoil i 2007.
Is mór an trua é.

Ní raibh ard caighdeán agam, i mo thuairim. Cheap mé an rud céanna i 2007 comh maith.

Fuair mé A2 san Ardteist. Bhí naire orm an maidin fuar sin, nuair a fuair mé amach an toradh.

Cheap mé go mbeadh díomá ar mo mhuinteoirí mar gheall. A2 agus dalta Gaelscoile?! a dhúirt mé liom féin go crosta.

Bhí áthas an domhain orm cúpla mí tar éis an lá sin nuair a ghlacadh mé in ollscoil Maigh Núid agus bheartaigh mé Arts Degree a dhéanamh i mBéarla agus Fealsúnacht.

D’fhág mé an Gaeilge san Aimsir Caite, a shíl mé.

Ag an am sin, níor cheap mé go raibh aon ciall ann staidéar an teanga san ollscoil – ní raibh suim agam obair sa stáit seirbhís, nó mar muinteor (athraíonn gach rud thar na bliana!)

Níor smaonaigh mé faoin Aontas Eorpach ar chor a bith!14492561_10154088569243237_5955767351992202591_n

Bhog mé go dtí an Bhruiséil i mí feabhra 2015 chun mo thréimhse oiliúna i gComhairle na Aontais Eorpaigh a thosú. D’oibrigh mé go crua sa roinn ‘Media Monitoring’.

Is ait an rud é go raibh sé an-éasca daoine a chloisteal ag labhairt Gaeilge timpeall an chathair agus an foirgneamh in a raibh mé ag obair. Thosaigh mé á labhairt arís.

Ar dtús thosaigh mé ag dul go dtí imeachtaí Gaeilge. Ansin chuaigh mé i dteangmháil le daoine a raibh Gaeilge acú.

Cúig mí ina dhiadh sin bhí mé ar ais i mBaile Átha Cliath ag mothú brónach – cén fath nach raibh Gaeilge le chloisteáil timpeall na háite?

Shocraigh mé ansin chun Gaeilge a úsáid níos mó. Níl ard caighdeán agam – tá dearmad déanta agam ar na rialacha gramadach, mar shampla.

Úrú, séimhiú, réamhfhocail, litriú… ach is adventure nua é seo!

Tar liom!

14650169_10154092814863237_3034273252092742484_n