Ag staidéar tríd an tsneachta

Ceathrú lá don sneachta atá ann agus mar sin níl aon leithscéal agam níos mó; tá an t-am agam anois chun scríobh i nGaeilge faoi an mhí a bhí agam an mhí seo caite.

Thosaigh mé mí Feabhra ag smaoineamh ar trí rudaí: mo phost múinteoireachta a fhágáil; post nua in oifig scoile a thógáil suas; agus mo chaint do chomhdháil ELT Ireland 2018 ar ‘Noticing Outcomes Through Student Reflection’ – ar ndóigh, mí lán agus gnóthach ab ea mhí Feabhra.

D’athraigh mé chuig post eile – in DCU. Is comhordaitheoir acadúil mé anois in DCU Language Services, go háirithe in a scoil Béarla. Tar éis trí bliain ag obair mar mhúinteoir teangach i lár na cathrach, táim anois ag obair sa chúlra. In ionad ranganna a chur le chéile, beidh mé ag eagrú na siollabais, ag cur scrúduithe ar fáil agus ag tabhairt tacaíocht do na múinteoirí ar fad sa scoil.

Cé go mbraithim uaim múinteoireacht and mo dháltaí ar fad, táim sásta leis an bpost nua seo – is rud éigin difriúil domsa agus is obair ciúin í. Ní chaithfidh mé béic níos mó chun aird an seomra a fháil.

I lár na míosa, bhí orm caint 30 nóiméad a thabhairt ar ábhar atá tábhachtach dom: frithchaitheamh sa rang, ag tabhairt tacaíocht do dháltaí machnamh a dhéanamh ar a stíl foghlama féin and conas a cabhraíonn sé sa rang agus sa bhaile.

28279930_10155471479943237_1748770646805436724_n

Don mhí ar fad bhí imní orm. Bhí sé i mo intinn agam go mbeadh mo chaint uafásach – lag, ladránach and mí-úsáideach d’uile. Ba bheag nár thit mé i laige i rith mo chaint, bhí mé comh buartha sin. Ní chuimhin liom go formhór den chaint, ach tar éis an tsaoil, rinne mé mo dhícheall. Táim sásta le sin.

… so, conas ar éirigh liom leis an nGaeilge an mhí seo? Bhuel, rinne mé faic 😦 Táim cúpla seachtain ar gcúl leis an obair atá le déanamh agam don Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge. Níl m’obair bhaile déanta agam go fóill – tá A LÁN le déanamh agam…

Sa leabhar In Ord Is In Eagar agus roimh 4 Márta (amárach!) caithfidh go mbeadh:

Screen Shot 2018-03-03 at 11.10.58

Sa leabhar Gramadach Gan Stró (Eagrán 4) agus roimh 4 Márta caithfidh go mbeadh:

Screen Shot 2018-03-03 at 11.11.06

Ina theannta sin, caithfidh mé aistriúchán a dhéanamh ar shliocht faoi fhile Éireannach Gabriel Rosenstock, ó Bhéarla go Gaeilge. Táim buíoch don sneachta an tseachtain seo, caithfidh mé rá! Anois, staidéar, staidéar, staidéar…

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s

Powered by WordPress.com.

Aníos ↑

Molann %d blagálaí é seo: