9 rudaí a d’athraigh mé don Ghaeilge

Nuair a rinne mé an cinneadh chun níos mó Gaeilge a labhairt, a úsáid agus a fheiceáil gach lá, d’athraigh mé cúpla rudaí i mo shaol. Seo liosta de na rudaí sin:

Screen Shot 2018-01-21 at 00.39.31

  1. Chuir mé mo Gmail ar fáil trí Ghaeilge
    Cé go bhfuil ‘bosca isteach’ fós greannmhar i mo cheann, táim an-dáiríre faoin athrú seo. Is trua é nach bhfuil an aip ar fáil as Gaeilge comh maith. D’athraigh mé Facebook and Twitter comh maith.
  2. Cheannaigh mé fáinne óir
    Tá a fhios agam nach mbeidh daoine ró-shásta faoin rogha seo, go háirithe nuair a léann siad mo scríobhneoireacht. Tuigim nach bhfuil ard-cruinneas nó ard-chaighdeán agam, ach bhí siad agam deich mbliana ó shin – so feck it mar a deirtear.Screen Shot 2018-01-21 at 00.41.51
  3. Thosaigh mé dialann Gaeilge
    Fuair mo dheartháir bronntanas iontach dom don Nollaig: dialann nua. Is dialann dearg é agus nuair a scríobhaim tá cuma Bridget Jones orm – más féidir liom é seo a rá. Níl suim agam dul ar aiste bia, ach is maith liom a bheith ag scríobh faoin saol.
  4. Thosaigh mé ag tvuiteáil as Gaeilge
    Is BREÁ liom an focal nua seo – tvuít. Ní raibh sé timpeall nuair a bhí mé ag freastal ar an mheanscoil. Ní raibh againn ach MySpace agus ní raibh a leithéid de ‘MySpace-áil’ ann. Bhí Bebo againn áfach, an cuimhin libh Bebo?!
  5. Léann mé Tuairisc.ie
    Déanaim iarracht mo chuid nuacht a fháil ar líne trí mheán na Gaeilge. Léigh mé cúpla rudaí ó Tréibh ar irishtimes.com ach uaireanta níl mé in ann an Gaeilge a thuiscint. Caighdeán difrúla agus níos deacra domsa i mo thuairim.
  6. Cúrsaí, cúrsaí, cúrsaí
    Thosaigh mo spraoi caiteachais le Gaeilge Gan Stró – Lower Intermediate Level ó Gaelchultúr i mí na Samhna 2017. Bhuel, i 2016 d’fhreastail mé ar ranganna oíche le Gael Linn ar feadh 8 seachtain (cúrsa maith a bhí ann ach bhí in iomad caint ann, bhí scriobhneoireacht uaim really…). I mhí Feabhra tosóidh mé Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge le Gaelchultúr – breis faoi seo nuair a thosaím an cúrsa.***Ag deireadh na míosa seo beidh mé ag tosú Irish 101 le DCU (ar líne, saor in aisce – bígí liom!)Screen Shot 2018-01-21 at 00.43.52
  7. Foclóir.ie
    Gach lá bíonn orm rud éigin a sheiceáil ar an bhfoclóir seo, go háirithe nuair a bím ag scríobh i mo dhialann sna tráthnóna. ‘An bhfuil an focal seo firinscneach nó baininscneach? Fuck,’ a deirim liom féin. Agus gach uair bíonn ‘Ah, bhí a fhios agam é seo. Urgh.’ i mo cheann tar éis.
  8. Pop Up Gaeltacht
    Geallaim go rachfaidh mé chuig níos mó ócáidí Gaeilge, Pop Up Gaeltacht mar shampla. Chun an fhirinne a rá, is breá liom an coinceap, ach is fuath liom an caoi go dtarlaíonn siad tráthnóna Déardaoin. Níl an fuinneamh agam níos mó chun cúpla uair a chaitheamh i dteach tábhairne agus dul chuig an obair an lá ina dhiaidh. Ach, geallaim, geallim go ndéanfaidh mé iarracht an bhliain seo!
  9. Ag caint nuair a fheicim Gaeilgeóir eile
    I mo sheomra foirne tá múinteoir ann atá in an Gaeilge a labhairt. Oibrím i scoil Béarla sa chathair, so tá sé deacair Gaeilge a úsáid i rith an lae. Ach nuair a bhíonn an múinteoir seo ar an amchlár, ní féidir liom fanacht – go hionraic (ná habair léí, like. Morto domsa)

An ndéanann sibhse na rudaí céanna?

Advertisements

2 thoughts on “9 rudaí a d’athraigh mé don Ghaeilge

Add yours

  1. An-adh leat. Níl gaeilge go leor agam, ach tá suim agam faoi.

    Bainneann mé sult as, agus go mhór mór mar tá a lán daoine óga á caint anois.

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s

Powered by WordPress.com.

Aníos ↑

Molann %d blagálaí é seo: